Ernest Walton
Fisiceoir, as Dún Garbhán, Contae Phort Láirge, ab ea Ernest Thomas Sinton Walton (6 Deireadh Fómhair 1903 – 25 Meitheamh 1995).
Roinn sé Duais Nobel na Fisice i 1951 as obair a rinne sé le John Cockroft faoi stiúir Ernest Rutherford i gCambridge Shasana ar dhíscaoileadh litiam i 1932.
Scoilt Walton agus Cockcroft núicléas adaimh Li (litiam), an rud ar a dtugtar go minic ‘scoilteadh an adaimh'. I Saotharlann Cavendish in Ollscoil Cambridge, Sasana, a rinneadh an turgnamh.[1][2] D'fhógair Albert Einstein gurbh é an turgnamh sin an chéad léiriú riamh ar an gcothromóid iomráiteach dá chuid féin E=mc2 .




Díscaoileadh litiam
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ina dturgnamh ceannródaíoch, rinne Cockcroft agus Walton núicléis litiam a thuairgneáil le prótóin ardfhuinnimh, luasghéaraithe go líneach trasna difríocht poitéinsil ard (c. 700 kV). Thug díscaoileadh gach núicléis litiam, a lean uaidh sin, dhá núicléas héiliam agus fuinneamh.[3]
Thóg sé meaisín leictreastatach a ghinfeadh difríocht poitéinsil 700 kV chun prótóin a luasghéarú le himbhualadh le núicléis litiam. Mar thoradh, fuair dhá alfa-cháithnín, is é sin, dhá núicléas héiliam in aghaidh gach núicléas litiam a imbhuaileadh.
Ba é seo an chéad uair riamh a scoilteadh an t-adamh is a rinneadh dúil amháin (litiam) ina dúil eile (héiliam) go saorga: seanaidhm na n-ailceimicithe.
Cruthú luath ab ea an toradh seo ar chothromóid iomráiteach Einstein, E = mc2 , a chiallaíonn gur féidir mais áirithe a athrú ina méid seo fuinnimh.
Comhthéacs
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Ernest Walton ar dhuine de na ceannródaithe cáiliúla a rinne annus mirabilis den bhliain 1932 don fhisic núicléach thurgnamhach. Sa bhliain sin d’fhionn
- James Chadwick an neodrón;
- d’fhionn Carl Anderson an posatrón;
- chuir Enrico Fermi a theoiric maidir le meath radaighníomhach in iúl;
- agus rinne Ernest Walton agus John Cockcroft an núicléas a scoilteadh go saorga.
Ba thús é le fisic núicléach thurgnamhach, bunaithe ar luasairí chun bunairíonna damhna a léiriú.
Níos déanaí, bhí Walton gníomhach i nGrúpa Pugwash, a chuir i gcoinne rás na n-arm núicléach.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Eilís O’Connell (2003). "Úlla agus Adaimh". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Eilis O'Connel (2003). "Ag Comóradh Ernest T.S. Walton 1903-95, Buaiteoir Dhuais Nobel". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ McBrierty (2003). "“Ernest Thomas Sinton Walton 1903–1995, The Irish Scientist”". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ernest Thomas Sinton Walton". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 702.