RSS Amplifier

Podcast

Nuall na nÓg

Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge. Bígí linn ⭕️🎉

podcasters.spotify.comSource feed ↗10 episodes

Live Last read · last published · next check

Written by

Latest episodes

Saves to your Listen queue, to pick up on another day or another device.

Fuaim an Fhómhair: Agóid, Amhráin, & Athrú

Sa chlár seo, labhraímid faoi na scéalta móra atá i mbéal an phobail; rás don uachtaránacht, an agóid náisiúnta ar son na Gaeilge, (easpa) nasc idir uathachas agus Tylenol, agus (easpa) sos cogaidh i nGaza. Ar an taobh níos éadroime, tá muid ag súil le Cork Jazz Festival agus Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste! I saol na healaíne, roinnimid ár gcuid moltaí le déanaí: Staidéar ar an gCailleach le…

Play

Baois na hóige: Polaitíocht, Brídeoga Róbatacha agus Droch-Fhuáil

An tseachtain seo, déanann Anna cur síos ar a ról úr mar bhanríon FOMO i ndiaidh chúrsaí craiceáilte an tsamhraidh. Pléimid an méadú ar ionsaithe ciníocha in Éirinn, chomh maith leis an mbaol a bhaineann leis an ngluaiseacht frithvacsaíní, atá á tiomáint ag RFK jr i Meiriceá. Chomh maith leis sin, déanaimid iniúchadh ar shaol aisteach de dhaoine atá ag pósadh róbait AI, agus ar iarracht Anna a…

Play

Soiscéal na nUltach: Sinners, Spallaíocht agus Sluaite i Westminster

An tseachtain seo, pléimid na heachtraí a thit amach le mí anuas – tá Trump agus Musk ag troid lena chéile, téann Kneecap ó shluaite ag Coachella go cúirteanna i Westminster, agus an cheist mhór - an bhfuil na hUltaigh na OGs de Phrotastúnachas Soiscéalach? Tchífidh muid ag Féile na Gealaí sibh! Ceol na míosa: Phases le Beoga Scannán na míosa: Sinners

Play

Breith Suas Linn: An scannal is déanaí is saol na polaitíochta & an chultúir

Sa chlár seo, pléimid tionchar an chultúir nua-aimseartha ar mheon na mac léinn maidir leis an Ghaeilge, ach an bhfuil an córas oideachais fós ag teip orthu? Ansin, caithfimid trácht a dhéanamh ar pholaitíocht chonspóideach Mheiriceá agus ar phleananna Trump, atá idir aisteach agus dáinséarach. Níos cóngaraí dúinn féin, bhí athrú stairiúil ann i gcúirteanna an Tuaisceart ó aimsir na Péindlíthe,…

Play

Pod Chinn Bhliana 2024 - Ar Bealach na Réabhlóide

Sa chlár seo dár bpodchraoladh, caithimid súil siar ar na scéalta móra ó 2024. Ón bhfuacht go dtí an teas, is cosúil go bhfuil an domhan faoi uisce agus trí thine ag aon am amháin. Éist linn agus muid ag déanamh athbhreithniú ar an bhliain seo caite, ag déanamh anailíse ar chúrsaí reatha, ar ealaín, scannáin agus go leor eile. Ach agus muid ag smaoineamh ar fhéidearthachtaí fiáine 2025, is í an…

Play

Bród: Stair agus Todhcaí an Gníomhaíochais

Toisc gur deireadh seachtaine ceiliúrtha bród a bhí ann, chaith Anna & Kathleen súil siar ar bhunús Pride, ó círéibeacha Stonewall go dtí an lá inniu. Le cloisteáil anois ar Spotify, Apple Podcasts srl.

Play

Oidhreacht Chultúrtha a Chaomhnú Trí Cheol: Comhrá le Catríona Ní Ghribín

Sa phodchraoladh seo, labhair Anna le Catríona Ní Ghribín fána obair a rinne sí don mháistreacht ag caomhnú amhráin a bhí i mbaol caillte in iarthuaisceart Tír Chonaill, agus an tábhacht idir an béaloideas agus an ceol. Fosta, insíonn sí dúinn faoina bhanna úr Huartán, agus an dóigh a meascann siad gnéithe nua-aimseartha leis an cheol traidisiúnta. Is féidir éisteacht leis an eagrán seo ar spotify…

Play

Comhghuaillíocht leis an Phalaistín

Sa phodchraoladh seo, pléimid stair bhréige de bhunú an Iosrael, chomh maith leis an easpa tacaíochta a léirigh rialtas na hÉireann don chás sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus tíortha ag baint a gcuid maoiniú ón UNWRA. Ar a bharr sin, bíonn muid ag caint ar cinneadh Sinn Féin chun taisteal go Meiriceá agus buaileadh le Genocide Joe, ról an Éimin ag saoradh na Palaistíne agus níos mó… Ná…

Play

An Ghaeilge agus an Eite Chlé | Scoil Chois Claí 2023

Phléigh an painéal seo go leor gnéithe den Ghaeilge agus a nasc leis an eite chlé, ó obair óige agus tumoideachas go díchoilíniú agus meabhairshláinte. Tá Orla Nig Oirc, Ben Ó Ceallaigh, Andrias Ó Cathasaigh agus Kerron Ó Luain le cloisteáil ann. Bígí cinnte éisteacht leis an eipeasóid seo, tá sé suimiúil ar fad!

Play

Dúshlán Uí Chonghaile le hAndrias Ó Cathasaigh | Scoil Chois Claí 2023

Is staraí, scríbhneoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath é Andrias a bhfuil roinnt leabhair scríofa aige ar Karl Marx, Séamus Ó Conghaile, réabhlóid na Rúise, agus scríbhneoirí radacacha Gaeilge cosúil le Pádraic Ó Conaire. Labhair sé ag Scoil Chois Claí faoina chuid oibre ar Uí Chonghaile agus an dúshlán a thugann smaointe agus obair Uí Chonghaile don éite chlé inniu.

Play