
Caitríona Ní Mhurchú, Aisteoir.
Beidh a gcéad dráma taobh amuigh de Chathair na Gaillimhe á léiriú ag an Taibhdhearc i mBéal an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo.
Irischlár an iarthair, ina gclúdaítear scéalta agus imeachtaí phobal an iarthair agus Ráth Cairn na Mí. Pléitear gach cineál ábhar ar an gclár, ó chúrsaí iascaireachta agus tithíochta go cúrsaí oideachais agus forbairt tuaithe, go cúrsaí siamsaíochta agus na healaíona chomh maith le hábhar ar bith eile atá tráthúil.
Subscribe:.rss.atom.json.md.m3u.pls
Live Last read · last published · next check
Saves to your Listen queue, to pick up on another day or another device.

Beidh a gcéad dráma taobh amuigh de Chathair na Gaillimhe á léiriú ag an Taibhdhearc i mBéal an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo.

Comhrá na Seachtaine: An t-iarpheileadóir contae agus an t-iar Gharda, Jack Cosgrove.

Saoi an tSamhraidh: Tá dán nua, 'Aer Éireann', cumtha ag Páid Ó Neachtain an tseachtain seo.

Tá cónaitheacht nua ealaíne agus drámaíochta á chur ar fáil in Inis Meáin.

Tá athbhreithniú déanta ag Comhdháil Oileáin na hÉireann ar an bpolasaí náisiúnta, Ár nOileán Bheo.

Beidh caint á tabhairt ag an Dr Deirdre Ní Chonghaile faoi amhránaíocht sean-nóis in Pennsylvania, 1884-1935, agus faoi lámhscríbhinní an tSagairt Daniel J. Murphy.

Tá Cumann Rothaíochta Chois Cuain ag eagrú rothaíocht mhór as an gClochán Liath i nDún na nGall go dtí An Cheathrú Rua i nGaillimh.

Tá an Pobal Rua ag tacú le sraith imeachtaí atá á n-eagrú ag Coiste Halla Éinne chun muintir na Ceathrún Rua a thabhairt le chéile. Beidh Teacht le Chéile Lúnasa á reáchtáil acu agus muid ag druidim le deireadh an tsamhraidh.

Tá cárta nua siopadóireachta, Grá do Ghaillimh, seolta ag Cumann Tráchtála na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Cathrach agus Comhairle Contae na Gaillimhe.

Beidh urú na gréine le feiceáil tráthnóna, agus beidh níos mó ná 90% den ghrian clúdaithe ag an ngealach.