Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Tráchtaireacht beo ó rása Mark English aréir, Tá Dympna ag cur síos ar mar a bhí an oíche aréir agus tá Leah Nic Gairbheith ó Chumann Luthchleasaíochta na Rosann i mBirmingham agus í ag cur síos ar an oíche aréir.
Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta seolta agus ag toiseacht amárach agus go leor leor imeachtaí ag tarlú ar fud na tír. Bhí ár dtuairisceoir Hannah Ní Dhomhnaill linn ar maidin agus í ag tabhairt roinnt moltaí faoi chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl.
Beidh Camino Gaelach ar siúl in Oileán an Ghuail i dTír Eoghain, labhair Damian Ó Néill, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Cairde Uí Néill linn le tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoin ócáid seo,
Tá an rialtas anois ag iarraidh go gcuirfí seirbhísí comhairleoireachta ar fáil do pháistí óga i mbunscoltacha. Chomh maith le sin labhair sé faoin tábhacht a bhaineann le vacsaín HPV agus é ag moladh do thuismitheoirí cinntiú go bhfaigheann a gcuid páistí an vacsaín.
Cuireadh píosa breise le Scoil Náisiúnta Bhríde, Mhín a’Chladaigh, áit ar tógadh foirgneamh úr ina mbeidh an tseirbhís iarscoile, Tír na nÓg i gcomhair le Comhar Naonraí na Gaeltachta lonnaithe.
Mír rialta agus é ag tabhairt comhairle teicneolaíochta don phobal inniu labhair sé faoin ordú mór a fuair siopa leabhair Kenny's i nGaillimh le gairid agus faoi shábháilteacht idirlín agus tú ag ceangail le WIFI poiblí.